Carrchlós an Tí Chaidéil

Géanna

Dá mbeifeá i do sheasamh anseo 200 bliain ó shin bheifeá sáite sa láib nó faoi uisce Loch Súilí. Tógadh an talamh feirme taobh thiar díot ar ais ón fharraige os cionn 160 bliain ó shin agus rinneadh cuid de na tailte feirme is saibhre sa tír as. Thóg oibrithe ó gach cuid d’Oirthear Dhún na nGall an claífort ar a bhfuil tú i do sheasamh, agus is fianaise dá gceardaíocht go bhfuil an bruach fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann.

Is áit ar dóigh í seo i séasúr an gheimhridh chun éin fhiáine a fheiceáil ag eitilt isteach agus amach ón loch, éin cosúil le hEalaí Glóracha agus Géanna Glasa. Coimeád súil amach ar na páirceanna i rith an tsamhraidh agus an gheimhridh do lapairí, mar shampla an Pilibín, an Ghlúineach Dhearg agus an Crotach i measc éin eile. Is áit ar dóigh é fosta chun roinnt dár n-éan feirme atá faoi bhagairt mhór agus éin fál sceach, leithéid an Bhuíóg agus an Gealbhan Crainn a fheiceáil. Sa samhradh baineann ealta gabhlán gaoithe leas iomlán as na claífoirt chun iad féin a bheathú ar phúireanna cuileog, áit ar dóigh chun a gcuid lúthchleasaíocht san aer a fheiceáil.

Má shiúlann tú i dtreo Cheann Tready cífidh tú an teach caidéil “nua” a phumpálann an t-uisce ón fheirm isteach sa loch.